School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)maide póta “Agus a mhaide bhriste, cá bhfuil mo choigeal arsa Cailleach na nDorn. “Tá sí i gcnó Chailleach an Ránaim”, arsa maide briste, “Agus a chrochaidh, cá bfuil mo shiostal” arsa Cailleach na nDorn. Tá sé i gcró Phionaim Putraim,” arsan crochadh. Ní raibh sin ar draoi no ar saoi ariamh an mhire chatha a bhí ar Cailleach na na nDorn nuair a chuala sí cá raibh a cuid oirnéise, An chéad rud a spreag í gabáil amach thríd an bhaile agus a cuid doirse na gcailleach eile a chur isteach le na duirn. Acht rinne sí ath-comhairle fanacht fá theach go maidin. Nuair a tháinic an mhaidean amach léithi a’s rún daingean aici comhaltacha, ursanacha agus cloigne a bhriseadh. Acht cia casadh uirthi a’s í ar a triall acht an Dall Ó Duinn a bhíodh ag gabháil thart ins an am.
“Nach luath ar chois thú!” arsa’n dall nuair a bheannuigh sí do. “Ní lauthas é do’n té atá ag gabháil a fhuagairt cogaidh ar [mhná]? An bhaile” arsa Cailleach na nDorn ag toseach a’s ag innse dó. “Beir ar do céill agus na déan dadaidh le driopás, ars’a an dall “Agus cáide dhéanfas mé.” arsa’n(continues on next page)- Collector
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Prionnsias Ó Braonáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male