School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chailleach. “Tá maise”, arsa’n dall phill ar ais cun bhaile agus fiafruigh do mhadadh cé tug leis do chuid earraí. Pill Cailleach na nDorn ar a cró a’s chuir ceist ar an mhadadh “Inseochaidh mé sin duit” arsa’n madadh “Thug Mugharnán na luath” do eitéan leis agus d’fhág i gcró Phíonaim Pánaim é thug bioróg an tsléibhe do choigeal léithi agus dfhág i gcró Chailleach an Ránaim í agus thug an Fuarálach Fann de shiostal leis agus d’fágh i gcró Pionaim Putraim é.
Nuair a chuala Cailleach na nDorn caidé mar bhí ní leigfeadh an eagla dí ghabháil a Fhuagairt cogaidh ar a cuid comharsanach. Acht rinne sí amach go mbagróchadh sí ortha. D’fiafruigh sí do’n mhadadh an ndeánfaidh sé teachtaireacht dí. Dubhairt an madadh gurbh’ olc an uair nach ndeanfadh. D’iarr sí air annsin ghabháil go cróithe na gcailleach agus órdughadh dóibthe na ruda nár leo féin a thabhairt uatha agus mur’ dtugad go mbéadh ag aithrighe. D’imthigh an madadh agus tháinic ar ais i gcionn tamaill bhig “Caidé do scéal ?” arsa Cailleach na nDorn “Cluinfidh tú sin” arsa’n madadh. “Dubhairt achan bhean acha liom, A geamaire dhruim. dhóighte ghránna(continues on next page)- Collector
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Prionnsias Ó Braonáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male