School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 476

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 476

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 476
  3. XML “Mac an Dálaigh - An Fear Beag Ribeach Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainm na scoile- An Ghrafaidh (Graffy), Co. Dhún na nGall.
    Scríbhneoir- Róis Éilís Ní Chába
    Aithriseoir- Brighid Nic Dáibhid
    Múinteoir- Proinnsias Ua Braonáin
    Mac an Dálaigh agus An Fear Beag Ribeach Ruadh
    Bhí sin ann i bhfad o shoin agus is fad ó shóin á bhí. Da mbéinnse ann an uair sin ní bhéinn ann anois. Bhí fear do na Dálaigh 'na chómhnuidhe thall ar a' mhín i nDruim-chun-chuis. Bhí ceárrta ag an duine seo agus bhí a mhac agus dhá chailligh mhuinntreach sa teach aige. Níor fhoghlum an mac an doigh le daduidh a dheánamh sa cheárrta nó shíl sé go mbéadh an t-athár aige i gcómhnuidhe le bheith ag saothrughadh airgid do-san ach mhaige ní rabh. Thainig an lá agus b'éigin dó féin deánadh ar a shon féin agus bhí sé buadhartha annsin nár fhóghlum se an chéird i dtoiseach a shaoighil. Deir an sean-fhocal 'ní hé lá na gaoithe lá na sgolb' agus badh é sin aig'sean é ba chóir do a cheird a bheith fóghlumnaighthe aige. Bhí go maith agus ní rabh go holc go dtáinig an fear beag ribeach ruadh chuige lá amáin agus capall bán leis. D'iarr sé ar mhac an Dálaigh cruitheacha a chur ar an capall do ach dubhairt mac an Dalaigh na dtiocfadh leis ach go dtabharfadh sé iasacht na ceárrta do. Rug an fear beag ribeach ruadh ar an sgin agus sceall na ceithre cosa de'n chapall agus sháidh 'sa teinidh iad. Nuair a
    Lth 476
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0753: Christ and the Smith
    Language
    Irish
    Collector
    Róis Éilís Ní Chába
    Gender
    Female
    Age
    16
    Informant
    Brighid Nic Dáibhid
    Relation
    Grandparent
    Gender
    Female
    Address
    Mín na Manrach, Co. Donegal