Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí siad tamall maith sa teinidh tharraing sé amach iad agus bhí cruitheacha orthu. Sháidh sé ar an chapall aráis iad thug buidheachas do mhac an Dalaigh agus d'imigh leis. Ar mhaidín lá thar na mhárach d'éirigh mac an Dálaigh chuaidh 'na chnuic agus thug anuas a chapall féin go gcuirfeadh sé cruitheacha air mar rinne an fear beag ribeach ruadh. Bhain sé de na cosa agus sáidh sa teinidh iad agus ar ndóighe chóimhead sé go maith iad ach dá mbíodh siad sa teinidh ó shóin ní thiocfadh cruitheacha orthu. B'éigin do a dtarraing amach fa deireadh gan cruitheacha ar bith orthu ach iad doighthe go brí na cnámha. Fuair an capall bás annsin agus bhí sé an-bhuadhartha chionnus gur bhain sé do. Cupla lá na dhiaidh sin tháinig an fear beag ribeach ruadh aráis agus dhá chailligh. D'iarr sé iasacht na teineadh ar mhac an Dálaigh agus fuair sé sin agus fáilte. Cheangal sé an dá chailligh le cheile agus chaith isteach sa teinidh iad. Nuair a bhí siad tamall sa teinidh tharraing sé amach cailín óg dóigheamhal i n-áit na gcailleach. Thug sé buidheachas do mhac an Dálaigh agus d'imigh leis. Chóimheadlth 477(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Róis Éilís Ní Chába
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Dáibhid
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Donegal