Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mín-A-Ghrubaigh.
Sé an t-adhbhar gur tugadh Mín-A-Ghrubaigh ar an bhaile seo. Tá claon mór leis a n-áit agus bíonn diffre ar na daoiní ag deanamh achan rud.
Mín-A-Chait.
Sé an t-adhbhar gur tugadh Mín-A-Chait ar an bhaile seo. Is cosamhal go raibh cat fiadhain ann i bhfad o shoin agus go dearn sé an slaid ar an n-áit.
Mín-A-Marach.
Fuair an baile seo a ainm mar seo. Nuair a bhí feardhomháin ag dul i bhaile go Gleann’ leichín indiadh na Fianna fhágailt. Thug Fionn trí cú do siad na ainmneacha a bhí ortha Marach, Luinseach agus Grafach. Bhí aige le dul fríd an ghleann Mhór bhí muc fiadhain sa gleann agus ál cuiláin aice. Bhí an mhuc ar shiubal agus marbaigh Feardhomhain na cuilain.
Shiubal sé leis annsin acht níor mhaotuigh sé go raibh an mhuc ag na shála. Scaoill se luinseach sa muc acht marbhaigh an mhuc é agus tugadh srath luinsig ar an n-áit ó shoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Ghriobaigh, Co. Dhún na nGall