Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 498
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Am amháin bhí sean fhear i na chomhnuidhe i Gcondae Dhun Na Gall agus bhí a bhean marbh...”
Am amháin bhí sean fhear i na chomhnuidhe i Gcondae Dhun Na Gall agus bhí a bhean marbh. Bhí sé an bhoct, bhí mac amháin aige dar b’ainm’ Shéaghain. Ní rabh aon cheird ag an mac go fóill. Chuaidh an sean fhear fhad leis an mhaighistear agu d’fhiafruigh sé do caidé an ceird a bhfearr a thiocfadh leis a tabairt dó a mhac. Ní rabh meas ag an mhaighistear seo ar na daoine bochta agus dubhairt sé. “Céad agat do mhac a chuir ag thriall ar gadaidhe éiginteacht go bfoghliumneocadh sé gadaidheacht uaidh. Chuaidh an sean fhear ‘na bhaile agus d’innis do a mac caidé mar ‘ bh.
Ar maidin lá-thar-na-bharach gluais siad go dtí an baile-mór. Fuair siad gadaidhe annsin gan mhoill. D’fág an t-athair slán ag a mhac agus d’imthigh sé leis ‘ na bhaile go trom craoidhthe. An oidhche sin rug an gadaidhe ar laimh Shéaghain agus d’imthigh siad leobhtha. Nuair a bhí siubhal fada deanta aca stad an gadaidhe go tobainn ag teach beag agus arsa seisean le Shéaghain, “Caithfidh mid an teach seo a róbail. Seo an doigh an dhéanfaidh mid é. Leigfidh mise thusa síosan simlear leis an rópa seo agus achan rud maith a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máighread Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Prionnsias Ó Braonáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall