Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 481
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí seo ann agus más fadó bhí...”
Bhí seo ann agus más fadó bhí. Da mbhéinnse ann an uair sin ní bheinn ann anois. Dá mbhéinn bodhar ní chluinnfinn e. Da mbhéinn balb ní chainnfinn e agus is maith an chuid sin fein. Lá aonaigh amhain chuaidh baintreabhac mna agus gamhain go dtí an aonac. Ní rabh sé i bfád go dtainig ceannuidhe a fhad leithe.
“Caide tá tú ag iarraidh ar an gamhain” arsa’n ceannuidhe.
“Tá” arsa’n baintreabhac “da phunta”. “Gan nios nios mó nios lugha”.
“Bhearfaidh mé punnta go leith uirtí “duit’a bhaintreabhaigh ar dó gamhain nó níl sé chómh mór lé madhadh maith” arsa’n ceannaidhe.
“Nac tabhair maslac domh mar sin no bhearfaidh mé smitín duit i mbún dó chluase a chuireas múneadh ort. Thairg dha phunnta uirthí agus tabhair leat í, no tá bealac eile amac as agus tá fios agat fhein air. arsa’n baintreabhac.
“Bhal, bhal” arsa’n ceannaidhe “tá an tairgid gan”.
“Is cuma liom-sa geobhaidh míse an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peadar Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Diarmuda
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74