Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 488
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sin ann agus fad ó shoin a bhí...”
Bhí sin ann agus fad ó shoin a bhí dhá mbéinnse ann an uair sin, ní béadh sé ann anois. Bhí rí agus báinríogháin i n-Éirinn i bhfad ó shoin. Oidhche amháin rinne siad amach go mbéadh feasta aca agus bhí feasta aca a mhair lá agus bliadhain. Dubhairt na daoine paidirín mór fhada go mbéadh mac óg aca. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc. Lá amháin bhí an báinríogháin amuigh ag siubhal agus chonnaic sí páiste beag na’ luighe ar thaobh an bhealaigh mhór agus thug sí leithe an páiste isteach chun toighe agus congbhuig é. D’fhás an an gasúr suas ach ní rabh cainnt, éisteacht nó siubhal aige. Shíl an rí go ndeánamh an fhairrge maith do. Lá amháin bhí an rí ag siubhal shios ag an fhairrge agus an mac ar a ghaiailneacha aige. Ní rabh sé i bfhad shíos go dtáinic currach bheag ó thonn go tonn isteach ag an cuan chuig na cosa chuige. Go mbheannuigh dhuit a righ Éirinn arsa an fear beag ríbheach ruadh. Go mbheannuigh duit arsa rí Éirinn. Theim go bhfuil mach agat. Tá cinnte arsa rí Éirinn agus níl siubhal, cainnt nó éisteacht aige. Má thugann tú domhsa é ar féadh lá agus bliadhain. Beidh tréan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dómhnall Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Ghriobaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ua Gallchobhair
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín an Ghriobaigh, Co. Dhún na nGall