Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
- XML Leathanach 495
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhce amhain bhí fear agus bean na shuidhe ag an teinidh ag chomhrad. Ní rabh siad i bhfad na shuide nuair a thainig sgairt go dtí an fhuinneog ag rabh tár amach ta mo bo tinn ar ghamhain. Dimthigh an fear amach agus shil sé gur fear an chomarsun a bhí ag sgartaí agus dimthigh se leis go thig a chomharsun. Nuair a thainig se fhad leis an teach ní rabh duine ar bith istoigh. Chuaidh sé isteach sa bhoiteac bhí solas sa bhoitheach agus bhí beirt fhear ag tarraingt gamhain. Thoisigh an fear eile ag chuiduighad leis. Bhí siad ag tarraingt agus ag tarraingt leobhta agus ní thiocfadh leobhta an ghamhain a tharraingt. Tharraing siad leobhta go dtí gur glan an lá ar maidin. Nuair a glan an la sé an ait ar bhfuair na fir iad fhein ag tarraingt buachalan buidhe amach as an talamh agus ní thiocfad leobhta é a fhaghail amach as an rúta agus bhí fhios aca annsin gur be na daoine beaga a rinne é. Sheachtmain indiaidh sin thainig sgairt go dtí an fhuinneog arais ag rad tár amach. Tá mo bhó tinn ar gamhain. Bhí fear an chomharsun ag sgartaí agus shil an fhear gur bé na daoine-beaga a bhí ag sgartaí agus ní dheachaidh sé amach ar cor ar bhith. Ar maidin la na bhmarac thainig fear an chomharsun fad le teach an fhear eile agus dfiafruigh se do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhan Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Grianáin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ghallchobhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Grianáin, Co. Dhún na nGall