Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)
- Suíomh:
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinnsias Ua Braonáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar an áit atá Baile na Finne anois ní rabh teach poball ar ndóigh ins an t-Sean Am ach sgálan agus bhí an sgálan giota beag ón áit atá an teach [an teach] poball anois. “Rós Scuabuigh” a b’ainm do Baile na Finne ón t-am sin agus an poball a chruinnuigheadh achan dómhnach, bheirtí “Poball a’ tSléibhe” orra. Báitheadh long ag an Ghaoith Bearra ins an t-am so agus rí rabh fágtha ach an caiptín, bhí dlighe aca an t-am sain nuair a bháithfide long go dtiochadh leis an te a bhí sábhailte rud ar bith a bhéad sábhailte a dhíol agus an t-airgead a chongbhail. Chruinnigh an caiptín an méid a fuair se agus dhíol. Chuir sé an t-ór uilig isteach i mála bheag agus chroch sé an mála fá na mhuinéal agus d’imthigh leis. Ag dhul treasna Tráigh Eánach do tháinic creachadóir air agus droch bail air agus bhain uadh an t-airgead. Fuaras é ‘na luighe ar an tráigh agus tugadh na bhaile é. B’fada go raibh sé ábalta éirigh amach ar chor a bith. Cionnas nach rabh airgead ar bith leis ‘na baile, bhí an t-ocras orra aghus d’imthigh bean an caiptín lá amhúin fad le bean i mbaile Dhún-na-nGall, go bfuighfeadh sí fios cé góid an t-airgead. Rinne an bhean seo an fhios dí bíodh se gur le diagantacht nó le draoideacht a rinne sí é. D’innis sá do mnaoi an caiptín go rabh an t-airgead ag fear i bPoball an- t-Sléibe. Cuaidh bean an chaiptín fad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róis Eilis Ní Bhraonáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall