School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 550

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 550

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 550
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí tinclar ag siubhal thart fan tír seo am amhain...

    Bhí tinclar ag siubhal thart fan tír seo am amhain. Ar an talamh a rabh sé ag siubhal ar bhí tobhar beannuigthe ann agus bhí leipreachan i bpollach faoi bhocan [daitac]?. Chonnaic an tinclar an leipreachan agus bí fhios aige é a choingbheilt go dtabhairfheadh sé cnoc óir do. Chonnaigh sé an leipreachan agus sa deireadh b’eigin don leipreachan tabhairt isteach. D’iarr sé ar an fhear é a thabhairt fhad leis an t-seomra ‘s aige féin agus go dtabhairfad sé an t-óir do. Thug an tinclar fad leis an seomra é agus bhí na sidheogaí uilig istoigh ag damsa agus a seinim.
    Dinnis an leipreachan an sgeal doibhtha agus dinnis siadsan don tinclar go ceangailfead siad an cnoc oir do na rutaí crainn agus diarr siad air imteact agus an crann a tairingt. D’fag an tinclar iad agus nuair fuair sé fhad leis an talamh árd caiden cineal crainn a bhí ann acht bocan dara. Thoisigh sé ag tarraingt agus da mbeadh sé ag tarraingt go dtí an la indiu ní thairringfhed sé an ceann ceart. Caith sé da lá ag iarraid an croc a fhaghail.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Dhómhnaill
    Gender
    Female
    Informant
    Prionnsias Ua Braonáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir