School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)

Location:
An Ghrafaidh, Co. Donegal
Teacher:
Proinnsias Ua Braonáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 503

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 503

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Page 503
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bí sin ann agus is fada a bhí thriúr dearbhráthair ann uair amhain. Lá amhain rinne siad amach go racadh siad go Meiriceá Ní raibh pighinn ar a d-tús no ar a ndeireadh. Rinne siad amach go racadh siad ar sgor ar bith. Dimthigh siad ag tarraingt ar Bealachféidh. Nuair a shroith siad siad Bealachféidh cuaidh siad isteach go dtí an teach-osta i bfearr a bhí ann d’iarr siad loistín agus fuais siad sin. Ar maidin lá thar na bharach bhí siad na suidhe ag an teinidh. Bhí an máighistreas ag bogadaidh thart agus í ag fanacht ar fad le iad diol ar son an loistín. Sa deireadh déirigh an fear ba shinne agus ars seisean, diolfaidh mise ar son mar triúr. Ní dhiolfaidh acht diolfaidh mise ars an darna fear. Déirigh an fear i b-óige i n-áirde agus dubhairt sé go ndiolfadh seisean. Bhí siad ag cainnt leobhtha mar seo agus ní thiocfadh roinn leobhtha. Ars an fear is sinne leis an mháighistreas annsin ní thig linn dadaigh a dheanamh acht dallog a cuir ortsa agus ca bith duine againne a geobhthas tusa greim air sin an fear a caithfeas díol. Rinneadh seo agus cuireadh an dallog air a bhean. Bhí sise ag siubhal thart
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Dómhnall Ua Ludhóg
    Gender
    Male
    Address
    An Ghrafaidh, Co. Donegal
    Informant
    Séamus Ua Ludhóg
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    An Ghrafaidh, Co. Donegal