School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Loch na gCailleach
Bhí ceathrar cailleach ‘na gcomhnuidhe ar bhaile seo i bhfad o shoin, agus ba h-iad na h-aimneacha a bheirtí ortha Píonam Pánam. Cailleach an Ránaim, Píonam Putraim agus Cailleach na nDorn Agus bhí cnó ag achan Cailleach dí fhéin, I ndeireadh an lae táinic Píonam Pánam ‘na baile indiaidh a bheith ar siubhal ag bachachas ó mhaidin thug sí fá deara go rabh a cuid dealgán ar shiubhal. Arsa sise leithi féin “Tá mo gleas cnitéala goidte agus is í Cailleach an Ránaim an gadaidhe ach ní rachaidh léithi”. Ins an am seo bhíodh cainnt ag h-ainmhidhthe ins an lá agus agan trioc toighe ins an an oidhche. “Cá raibh thú nuair a bhíthear ag goid mo cuid dealgan?” Arsa Píonam Pánam le n-a madadh. “Bhí mé ins an choillidh indiaidh coinín” ars an madadh “Agus cá rabh tusa” arsa an chailleach leis an chat. “Bhí mé amuigh indiaidh éanach” arsa ‘n cat. Ar uair an meadhon oidhche sin [mheas]? Píonam go rabh an bunadh eile uilig ‘na luighe.(continues on next page)- Collector
- Máighread Máire Ní Bhraonáin
- Gender
- Female
- Informant
- Prionnsias Ó Braonáin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male