Scoil: An Ghrafaidh (Graffy) (uimhir rolla 10130)

Suíomh:
An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Proinnsias Ua Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 582

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1049, Leathanach 582

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Ghrafaidh (Graffy)
  2. XML Leathanach 582
  3. XML “Loch na gCailleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    maide póta “Agus a mhaide bhriste, cá bhfuil mo choigeal arsa Cailleach na nDorn. “Tá sí i gcnó Chailleach an Ránaim”, arsa maide briste, “Agus a chrochaidh, cá bfuil mo shiostal” arsa Cailleach na nDorn. Tá sé i gcró Phionaim Putraim,” arsan crochadh. Ní raibh sin ar draoi no ar saoi ariamh an mhire chatha a bhí ar Cailleach na na nDorn nuair a chuala sí cá raibh a cuid oirnéise, An chéad rud a spreag í gabáil amach thríd an bhaile agus a cuid doirse na gcailleach eile a chur isteach le na duirn. Acht rinne sí ath-comhairle fanacht fá theach go maidin. Nuair a tháinic an mhaidean amach léithi a’s rún daingean aici comhaltacha, ursanacha agus cloigne a bhriseadh. Acht cia casadh uirthi a’s í ar a triall acht an Dall Ó Duinn a bhíodh ag gabháil thart ins an am.
    “Nach luath ar chois thú!” arsa’n dall nuair a bheannuigh sí do. “Ní lauthas é do’n té atá ag gabháil a fhuagairt cogaidh ar [mhná]? An bhaile” arsa Cailleach na nDorn ag toseach a’s ag innse dó. “Beir ar do céill agus na déan dadaidh le driopás, ars’a an dall “Agus cáide dhéanfas mé.” arsa’n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Ghrafaidh, Co. Dhún na nGall
    Bailitheoir
    Máighread Máire Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Prionnsias Ó Braonáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann