School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 78
- XML “Scéal - Na Siógaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal: na sídheógaí:
Bhí fear uasal agus a bhean ina chómhnuidhe inn Éirinn fad ó shoin agus ní rabh dé clann acú ach ingean amhain.
Nuair a bhí an cailín seo bliadhan agus fichidh chuaidh sí i laige lá agus ní tháinig sí as.
Cuireadh í agus bhí a bunadh cráidhre uaigneach ina diaidh.
Go díreach nuair a bhí sí bliadhan curtha bhí buachaill as an pháróiste ceudna ag teacht abhaile go máll oíche amhain. Bhí aige lé gabhal thart ag Scrig mór agus chualaidh sé mar shaoil sé féin daoine ag díospóireacht istigh sa Sgrig.
Stad sé lé héisteacht agus leis sin d'fosgail an Sgrig agus sgáirteadh isteach air. Bhí lán seomra dé daoine ann agus bhí cailín amhain in na meásg nach dtiocfadh leis stad ar d'amharc oirti agus an uile ám a (d'amharcóohadh?) sise air théigheadh sí a gháiridhe.
Tugadh fa deír é ag amharc oirthí agus fiafrughadh do ca cuige a rabh sé ag cuir oiread suime inntí sí thar aon duine eile a bhí ann. Dúbhairt sé go rabh sí án-chosmhúil lé cailín rabh aithne aige oirthí a fuair bás bliadhan san ám sio.
D'innis siad do gurb í bhí ann agus dha(continues on next page)- Collector
- Mairéad Ní Giolla Easpuig
- Gender
- Female
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Ní Giolla Easpuig
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal