School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 64
- XML “Scéal - An Cogadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Roimhe seo bhíodh na daoine i dtolamh ag caint ar chogadh agus ag radh go rabh cogadh lé theacht i léithid seo do ám. Bhíodh siad ag deánamh réidh lé téicheadh roimhe.
‘Nois san ám seo bhí feár ‘na chómhnuidhe i Mín na Croise agus bhí sé ag éisteacht ó thainig méid ar bíth ann go rabh an cogadh ag teacht. Bhí sé pósda agus bhí sé ag cuir imnidhe mór air go dtiocfadh an cogadh ar fein agus ar a mhuirín.
Bhíodh sé go minic amuigh i Sliabh ó Thuaidh agus goidé thainig sé air lá amhain acht uaighe mhór amuigh i gcúl na sléibhe. Bhí an t-án-lúthghair air na bhí fhios aige anois nuair a thiocfadh an cogadh go rabh ait aige leis fhein agus a clann a gabhail ibhfolach ann, agus nuair a bhéadh siad ann nach dtiocfadh an cogadh a gcomhair.
Ríth an áma bhí’n cogadh lé theacht agus ba é an deireadh a bhí ar an sgéul go rabh sé lé theacht aon oidhche amhain. Nuair a chualaidh an fear bocht seo bhí sé comhair a bhéith as a chrann cúmhachtaigh. Cruinnigh sé leis an mhéid dé chuid bíd as earraidh agus thiocfadh leis, thug leis a mhuirín agus d’imthigh ‘mách na h-uaighe ar siubhal oidhche.
Shroich siad an uaigh go slán sábhailte agus nuair a bhí siad istigh ann thug sé iarraidh(continues on next page)- Collector
- Cait Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal