School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- San am a rabh Naomh Coluimcille i nGleann bhí Naomh Aodh Mac Breacain ar Bharr Shliabh Liaig agus bhí an bheirt acú ag obair le chéile cum Glór Dé. 'Nois bhí pionús ar Naomh Coluimcille san am seo gan bainne a bhlas.
Lá amháin casadh an bheirt ar a chéile ar bharr Curantaigh Searc agus d'aithin Naomh Aodh ar a phluc gur bhlas sé bainne agus dúbhairt sé sin leis. Dhéarbhuigh Naomh Coluimcille nar bhlas na ar ndoiche bhí sé ar a dhíthcheall a phionús a chuir isteach.
Cé bith nuair a chuaidh sé isteach go Bifan chuir sé ceist ar bhaintreabhach a bhíodh ag déanadh réidh a chuid do ar chuir sí bainne ar bith fríd. Dúbhairt sí nar chuir acht go rabh leorg bainne ar soitheach agus nar nígh sí dé é sul a dtearn sí a chuid ann.
Nuair a chualaidh sé seo tháinig an t-an fhearg air agus mharbhuigh sé an t-aon bhó a bhí aicí. Cúpla lá na dhiaidh seo a dhéanamh tháinig buaidhreadh air agus d'iarr sé uirthí na cnámha uilig a chruinniughadh dó-san. Chruinnigh sí iad uilig acht ceann amháin agus rinne seisean an bhó beo arais acht bhí sí bacach. bhí léan go bráthach ar an méid bainne a bhí aicí anois agus ó'n lá sin go dtí an lá indiú tá buaidh ar an eile bó bacach níos mó bainne a bhéith aicí na ag aon bhó eile.- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Informant
- Ánna Nic Fionnlaigh
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- An Gaineamh agus An Curraoin, Co. Donegal