School: Sliabh Liag

Location:
Mín na bhFiann, Co. Donegal
Teacher:
Caitlín Nic An tSaoir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 18

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 18

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sliabh Liag
  2. XML Page 18
  3. XML “Scéal - Paití Ó Aoinigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Céad go leith bliadhan ó shoin bhí fear ‘na chómhnuidhe ar an Átharach i dTeidhleann darbh ainm Paití O’Aonaigh.
    Bliadhan amhain ní rabh an cíos aige lé díol. Bhí sé ag teacht aníos ‘na carraice lá agus cé téidh sé ag tarrangt air acht an tíghearna-tálamh, fear darbh ainm “Hamilton” as Cora Críche.
    Thainig leisg air siocar nach rabh an cíos díolta aige. D’úmhluigh sé dó’n tíghearna agus ‘sé dóigh a deárn sé é, chuaidh sé síos ar glún amhain.
    “O! Phaití, arsan tíghearna, ca tuige nach dtéidheann tú síos ar do dha ghlúin?”
    “Bhal! arsa Paití, tá’n tíghearna os ar gcinn uilig a dtéidh muid ar ár ndá nglún do.”
    Sean-fhocail
    (15) Níor (fhan) mhill coimhead maith dadaí ariamh.
    (16) Is binn béal na thost acht ní ceólmhar.
    (17) Is fada an casan gan casadh.
    (18) Ní thig leis an roithleach fein an da thraigh fhreastal.
    (19) Níl aithreachas mall maith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
      2. verbal arts (~1,483)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheal Ó Ceinnide
    Gender
    Male
    Address
    An Chríonmhín, Co. Donegal
    Informant
    Caitlín Ní Ceinnide
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    38
    Address
    An Chríonmhín, Co. Donegal