School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Liag
- XML Page 15
- XML “Scéal - Mollaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí tréadaidhe ‘na chómhnuidhe i Mín na Giorra tuairim trí sgór bliadhain ó shoin darbh ainm Paidí Ua Dochartaigh. Lá amhain i n-ám dínneardha thainig seanbhean bheag isteach agus shiudh sí cos na teineadh. Thug said préataí agus sgádan dí. D’íth sí iad agus d’imtigh acht ní rabh fhois acú cé í fein na c’as a dtainig sí. Thainig sí an uile lá ag an ám amhain agus fuair sí a dínnear. D’innis sí daobhtha gur Mollaí a bhí oirthí.
Lá amhain bhí fear a tight amuigh agus chonnaic sí í ag tárrangt ar an teach. Thainig sé isteach agus ar seisean, “Gheobhaidh muid ar sáith dé Mhollaí”
Thainig sí isteach agus shiudh san ait ar gnáthach léi. Bhí cumadh feargach dolba oirthí. Tugadh dí a dínnear acht chaith sí na préataí sa teine agus an sgádan ‘soir an chat. Amách léi ar an doras gan focal a radh. ‘Na dhiadh sin níor fhan a’n bheáthadhach ceithre cosach fa’n teach nar stuig agus ní fhacaidh said Mollaí níos mó. Bean-sídhe a bhí inntí agus cuir said fearg oirthí.
Tá’n bállóg in ar tharla seo tuairim an fad ceadhna ó teach s’againne is tá’n Sgoil ó béal an camhsaigh.- Collector
- Mícheal Uí Ceinnide
- Gender
- Male
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal
- Informant
- Ióseph Uí Ceinnide
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- An Chríonmhín, Co. Donegal