School: Sliabh Liag
- Location:
- Mín na bhFiann, Co. Donegal
- Teacher: Caitlín Nic An tSaoir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)obair-tighe a dheánamh do agus rinne sí sin na ba í seo an chéad ait ar cásadh oirthí a dtiocfadh leithí baint faoi anntí. Bhí sí ag deánamh gach seórt fo maith dó agus bhí sé án-mhaith dí.
Acht lá amhain bhí sé na shuidhe cois na fuinneóige agus é ag léigheamh leabhar ma bfíor agus chonnaic sí go rabh na deóra ag tuitim leis go frás.
D’fiafraigh sí dé goidé adhbhair a bhróin agus ní innseochadh sé dí. “Mura n-innseochaidh tú damh, arsa sise, goidé tá ag cuir buaidhreadh ort imteochaidh mise uait”. Nuair a chonnaic sé gur mar seo a bhí sí a glácadh d’innis sé dí a sgéul.
Dúbhairt sé gur gheáll sé bliadhan a cháitheamh ag obair dó’n Diábhal i nIfrion agus go gcaithfeadh sé imteacht i mbárach agus nar mhaith leis a ghabhail agus gur sin ádhbhar a bhróin.
“Fad sin do choise ní ráchfaidh tú, arsan cailín, ráchfaidh mise mé fein agus dheánfaidh mé an bliadhan ag obair do”. Nuair a chonnaic sé go rabh sí réidh lé ghabhail go h-Ifrionn, thug sé úbhla dí agus d’iarr sé oirthí gan aon ghreim bídh na díghe a bhlás fhad ‘s bhéadh sí ann acht nuair a bhéadh ocras na tart oirthí an t-úbhla a chuir in a béal agus go n-imteochadh siad dí.
Chuaidh sí go h-Ifrionn agus seo an obair a thug an Diabhal dí lé deánamh, trí ánam a bhí ag(continues on next page)- Collector
- Caitlín Nic a' t Saoir
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac a' Bhaird
- Gender
- Male
- Age
- 76
- Address
- Mín na bhFiann, Co. Donegal