School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 57
- XML “An Caiftín Óg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i luing thainic cupla fear ar a cúl agus chaith isteach sa tsoitheach í. Bhí an long ar tí seoladh agus mar sin d’fhuaduigh siad leo amach go h-India í.
Bhí suimh mhór airgid ainmanighthe do’n té bheirfeadh arais í. ‘Nois ba grathach leis an fhear seo ruaig a thabhairt anuas na céidhe gach lá féachaint an bhfuigeadh sé scolb no scéala a ingne. An lá seo bhí sé shíos thug sé fá dear an bheiste bhí ar an chaptaoin seo. Bhí fios aige gur long láimhe a ingne a bhí ar an bheiste bhí sé ag cathamh.
Chuaidh sé ‘un cainnte leis. D’innis an captaoin dó a scéal ó thús go deireadh agus bhí a fhios ag an ceannaidhe gurb í a nighean féin a fuascladh ón dóghad. D’innis an captaoin dó gur goirid go mbéadh an long i dtír.
Nuair a thainic sí bhí áithne ag an ceannuidhe ar a nighean feín agus bhí fáilte mór roimpe. Rinne sé féasta mór a rabh an mate agus uilig ann nuair a siubhal an captaoin isteach agus é in éideadh úr.
Seannruigh an mate nuair a chonnaic sé é no bhfhada a shíl sé é bheith marbh agus thug sé do na bonnaí é. Bhí luthgháir mhór ar an cháilín óg an captaoín óg a fheiceal arais nó ní rabh dúil ar bith aicí ins an mate. Pósadh iad agus thug an ceannuidhe spré mór duithe agus mhair siad go sona séanmhar go fada ina dhiaidh.- Collector
- Maighread Ní Mháirtín
- Gender
- Female
- Informant
- Nábla Ní Domhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 89
- Address
- Gabhla, Co. Donegal