School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cineal Conaill
- XML Page 42
- XML “Micheal ar an Lagán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an fhuinneóig agus bhí sé ag coimheadh ar an bhean seo ag cocaireacht. Annsonn mothuigh sé coiscéim ag teacht go dtí’n doras. D’fosgail sise an doras agus leig sí isteach an fear. Bhí teine mhór aici. Bhí gé rósta agus toirtín mór arán milis déanta aice agus buideal mór uisce beatha ar an tábla.
Shuidh siad ag an táble agus thainic coscéim eile go dtí an doras, agus cé bhí ann ach a fear ‘saici fhéin ag pilleadh arais d’éirigh sí agus chuir sí an t-arán isteach ins an phota. Chuir sí an gé faoín phlancaid. Chuir sí an t-uisge beatha istoigh í (si) stopa.
Léim an fear isteach i mbairrle a bhí i gcion toighe. Annsonn d’fhosgail sí an doras agus thainic sé isteach. Bhí an gasúr ag coimhead rith an ama. Smaoitigh sé go leigfeadh an fear isteach é. Chuaidh sé go dtin doras. Thainic an fear amach agus chuir an gasúr ceist ar an leigfeadh sé isteach é agus dubhairt sé go leigfeadh.
Ní rabh an bhean sásta agus dubhairt sí leis an fhear. Cad chuighe nar fhan sé ar shiubhail – nach rabh biadh ar bith aici fa na choinne. Nuair a bhí siad tamall ‘na suidhe cuir an fear ceist ar an ghasúr goide an creideamh ar do é. Dubhairt sé gur Freemason a bhí ann. Bhí eagla air a rabh gur Cataoileach a bhí ann.
Dubhairt an fear go dtiocfadh leis na Freemasons biadh a dheanamh agus dubhairt an gasúr go dtiocfadh(continues on next page)- Collector
- Siubhan Ní Dochartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Máire Ní Ghallachobhair
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Gleann Tornáin, Co. Donegal