School: Cineal Conaill (roll number 15271)
- Location:
- Garvagh, Co. Donegal
- Teacher: Antoin Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ag geaftaí na bFlaitheas.Fuair fear bás uair amhain agus bhí sé ag iarraid a dul isteach ins na Flaitheas. Buail sé ar an doras ann agus fosgladh do é. Fiafruigheadh do goidé an graithe a bhí aige annsin.
“Tá mé ag iarraidh dul isteach”, adeir sé.
“Cé’n gar duit bheith ag iarraidh dhul isteach agus gan tú ar faoiside le seacht mbliadhna”.
“Cé hé thusa”, arsa an fear amuigh.
“Mise naomh Tomas”, arsa an fear istigh.
“Tá tusa istigh”, adeir sé, “agus nach gcreidfea go dtearn ár slánuightheóir aiséirighe go gcuirthea do meara san áit a dteachaidh na dealga agus do lámh an áit a dteachaidh an sleagh”
Dhún Naomh Tomas an doras agus d’fhág annsin é.
Thoisigh sé a buaileadh agus fosgladh arais do.
“Goidé tá ort”, arsa an dara fear.
“Tá mé ag iarraidh dhul isteach”.
“Cé’n graithe atá agat istigh agus gan tú ar faoiside le seacht mbliadna”.
“Cé thusa”, arsa an fear amuigh
“Mise Naomh Peadar”, adeir sé.
“Tá tusa istigh agus gur shéan tú mo shlánuightheóir agus nuair a bhuail an eagla thú mhionnuigh tú nach rabh fios agat cé hé fein”. Dhruid Naomh Peadar an doras.
Fosgladh do an tríomhadh uair.
“Tá mé ag iarraid dhul isteach”, arsa seisean.
“Ar ndoighe ní rabh tú ar faoiside le seacht mbliadna”
“Cé hé thusa”.
“Mise Mac De”.(continues on next page)- Collector
- Siubhan Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Nic Giolla Bhrighde
- Gender
- Female
- Age
- 84
- Address
- Machaire Chlochair, Co. Donegal