School: Cineal Conaill (roll number 15271)

Location:
Garvagh, Co. Donegal
Teacher:
Antoin Ó Dochartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 152

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1035, Page 152

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cineal Conaill
  2. XML Page 152
  3. XML “An Cairdeas Críost”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Cáirdeas Críost.
    Bhí lánamhain ann i bhfad ó shoin agus bhí siad tamall maith posta gan clann ar bith a bheith aca. Sa deireadh rugadh mac daobhtha agus bhí athas mór ortha.
    An oidhche a rugad é thainic fear ag marcuigheacht go dtí an doras agus d’iarr lóistín na h-oidhche. Fuair se sin. [Indiaidh]? tamaill mhothuigh sé an téileamh sa tseomra shíos agus [d’fiafruigh]? sé goide ba ciall de. hInnseadh dó fá’n mhac óg a bhí san [teo]? Dubhairt sé gur mhaith leis an leanbh a feiceil agus tugad an cead sin dó. D’iarr sé cead an leanbh a coinneal le [baisteadh]? agus fuair sé sin.
    Nuair a bhí an baisteadh thart dubhairt sé le athair an pháisde - “An leanbh sin a chonnigh mé le baisteadh deanfaidh ceithre ceathramhnacha do i gcionn a bliadhain as fiche”.
    Chuir sé buaidhreamh mór ar a athair seo a chluinstin ach cheil sé ó na mhraoi é. Ba mhinic fear an toighe ag osnaigh agus ní rabh fhios ag an bheirt eile goidé ba chiall de.
    Nuair a bhí an mac fiche bliadhain (as fiche) d’aois d’innis an t-athair do féin agus d’a mhathair goidé an cinneamhain a bhí i ndán dó.
    Nuair a chualaidh an mac é, “Ca dtug mé náire [saoghalta]? daoibh ariamh”, arsa seisean, “agus ca dtughain go deo”. D’fhág sé slán aca agus d’imthigh sé leis.
    Shiubhal sé leis rith an lae, agus ins an tráthnóna casadh go dtí teach e. Ní rabh a’n dhuine sa teach seo ach fear an toighe agus cáilín seirbhiseach. Dubhairt an fear óg go rabh sé ag cuartú oibre agus ghlac se seirbhiseach leis an fhear. Sé an tuarasdal a d’iarr se [coinnea]? leitphigne gach oidhche go cionn bliadna.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Síle Bean Uí Fhrighil
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Machaire Chlochair, Co. Donegal