Scoil: Bun Machan

Múinteoir:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 298

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 298

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun Machan
  2. XML Leathanach 298
  3. XML “Crann na Crocaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Go bhfóire Dia orainn, shíl sé nach raibh aon dul as aige ach é féin do crochadh. Do sheas sé ar ghéig ar dtúis; chuir sé lúb ar a mhuinéal agus i slí éigin cheangail sé a chosa leis an ngéig; ansan lig sé dó féin titim. Thit sé i ndiaidh a chinn agus d'fáisc an rópa ar a mhuinéal agus crochadh é ma sin bun ós cionn. An maidin ina dhiaidh sin fuaradh é agus é fuar marbh. Bhí fhios ag na daoine go dian-mhaith cad ba chionntach leis mar is minic a chonacadar an beirt i bhfochair a chéile agus le déanaí bhíodh sí sin anois is arís ag siúl trí Tighna Coille le buachaill eile. 'Sé an rud uafásach a bhaineann leis an scéal ná gur thóg an crann seo croc fir air féin fé mar d'fhás sí as san amach. Na géaga nár gá leo is amhlaidh a thiteadh as ach d'fhan na cosa is na géaga os an ceann díreach mar bheadh fear mór nó fathach ina sheasamh ar a cheann. Ní raibh an t-ádh leis an áit as san amach agus is mó na rud mí-adhmharach a thit amach ann - seo ceann acu - Timpeall triocha bliain ó shoin bhí fear bocht ó Baile Dhubhán ag teacht abhaile ó Dúngarbhán tar éis ualach coirce do dhíol. Nuar do shrois sé an crann ar slí éigin d'imigh an capall ar éigin uaidh. Níl fhios ag éinne i gceart cad a thit amach ach pé ar domhain é, tháinigh an capall abhaile slán agus fuaradh an fear bocht fuar marbh ina sheasamh agus a dhrom leis an gclaidhe díreach ós comhair an crainn. Oíche seacha a bhí ann agus bhí an sioc comh geal le sneachta. Nuair a tógadh an fear bocht d'fhan rian an duine ann ar feadh an Domhnaigh ar fad, mar b'é an Domhnach a bhí ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Tigh na Coille, Co. Phort Láirge
    Bailitheoir
    Íde Bean Uí Chobhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Chobhthaigh
    Inscne
    Baineann