Scoil: Bun Machan

Múinteoir:
Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0648, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun Machan
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “Bean na Scillinge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timpeall caoga blian ó shoin bhí botháinín gaird do mo thig ar an taobh thuaidh di. Insan tigín seo do chónaigh bean bocht agus a fear agus bhí muirear mór acu. Bhí an bean bocht i bpráinn scillinge lá mar ní raibh aon teora leis an bochtanas a's an cruadhtan a bhí ag imirt ortha. Maidin áirithe bhí an bean seo ag teacht chun mo thighse fé dhéin roinnt bainne mar ba gnáth léi. Bhí sí ag rá léi féin "Ó mhuise, bfhearr liom ná rud maith dá mbeadh dhá scilling agam chun greim le n-ithe d'fháil dom féin ados na páistí. Ar an nóimead sin cad a chífeadh sí ach scilling ar an casán.
    D'imigh sí an casán céanna lá ar na mhaireadh ag cuimhneamh go bhfuigheadh sí scilling eile ann. Comh maith do fuair sí. Ar an tríú lá - dob é an Domhnach a bhí ann - d'imigh sí an bóthar céanna. Le linn é ag gabháil an doras amach, ghlaoidh a fear uirthi. "Cá bhfuil mo léine glan?" arsa sé. "Fan go fóill" arsa sí "beidh mé thar nais chun é thabhairt duit". "Ó tar anseo is tabhair dom mo léine nó beidh mé déanach don Aifreann". D'iompaigh sí thar nais is fuair sí an léine glan dó. "Seo dhuit do léine" arsa sí. Bhí sí ag imeacht arís. "Cá bhfuilir ag dul?" arsa a fear. "Ó nílim ag dul ach go dtí Páirc Cearbhaill ar a fuair mé scilling le dhá lá; b'fhéidir go bhfaighinn ceann eile ann anois". "Ó imigh leat ann" arsan fear.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Íde Bean Uí Chobhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Liam Ó Cearbhaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Loingsigh, Co. Phort Láirge