School: Bun Machan
- Teacher: Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bun Machan
- XML Page 280
- XML “Bean na Scillinge”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timpeall caoga blian ó shoin bhí botháinín gaird do mo thig ar an taobh thuaidh di. Insan tigín seo do chónaigh bean bocht agus a fear agus bhí muirear mór acu. Bhí an bean bocht i bpráinn scillinge lá mar ní raibh aon teora leis an bochtanas a's an cruadhtan a bhí ag imirt ortha. Maidin áirithe bhí an bean seo ag teacht chun mo thighse fé dhéin roinnt bainne mar ba gnáth léi. Bhí sí ag rá léi féin "Ó mhuise, bfhearr liom ná rud maith dá mbeadh dhá scilling agam chun greim le n-ithe d'fháil dom féin ados na páistí. Ar an nóimead sin cad a chífeadh sí ach scilling ar an casán.
D'imigh sí an casán céanna lá ar na mhaireadh ag cuimhneamh go bhfuigheadh sí scilling eile ann. Comh maith do fuair sí. Ar an tríú lá - dob é an Domhnach a bhí ann - d'imigh sí an bóthar céanna. Le linn é ag gabháil an doras amach, ghlaoidh a fear uirthi. "Cá bhfuil mo léine glan?" arsa sé. "Fan go fóill" arsa sí "beidh mé thar nais chun é thabhairt duit". "Ó tar anseo is tabhair dom mo léine nó beidh mé déanach don Aifreann". D'iompaigh sí thar nais is fuair sí an léine glan dó. "Seo dhuit do léine" arsa sí. Bhí sí ag imeacht arís. "Cá bhfuilir ag dul?" arsa a fear. "Ó nílim ag dul ach go dtí Páirc Cearbhaill ar a fuair mé scilling le dhá lá; b'fhéidir go bhfaighinn ceann eile ann anois". "Ó imigh leat ann" arsan fear.(continues on next page)- Collector
- Íde Bean Uí Chobhthaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Liam Ó Cearbhaill
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballylinch, Co. Waterford