Scoil: An Clochar, Cill Ruis

Suíomh:
Cill Rois, Co. an Chláir
Múinteoir:
An tSr. Pól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 508

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 508

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cill Ruis
  2. XML Leathanach 508
  3. XML “Máirt na hInide”
  4. XML “Máirt na hInide”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráthnóna Máirt na h-Inide bailigeadh buachaillí an bhaile le céile agus aon fhear nó bean ionphósta a casadh ortha sa tsráid, chaithidís téad 'na dtimcheall agus tharrainghidís ar fuaid na sráide leo iad. Deirtí go mbídís 'ghá mbreith leo chun na Sceilge ach is ag magadh a bhídís.

    Cáit Ní Laoigleis
    Sráid Uí Sehanacháin,
    Cill Ruis
    a fuair an scéal so ó n-a h-athair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Inid (~188)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Laoighleis
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Rois, Co. an Chláir
  2. Bíonn a lán pósadh san gceanntar so an lá sin. Deineann gach duine pancóga agus cuireann siad fáinne, cipín, raol, cnaipe, bonn, píosa éadaigh isteach ionnta,

    An duine a gheibheann an fáinne deirtear gurb'é is luatha pósfar, an duine a gheibheann an cipín beidh sé 'na bhacach, an duine a gheibheann an cnaipe beidh sé 'na thailliúir.
    Is minic a éaluigheann fear le cailín an oidhche sin.

    Peig Ní Dhomhnaill,
    Sráid Uí Mhórdha,
    Cill Ruis
    fuair an t-eolas so thuas sa baile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.