20/02/2023 Weekly Pick  (See more »)

School: An Clochar, Cill Ruis

Location:
Kilrush, Co. Clare
Teacher:
An tSr. Pól

Filter stories

Back
/ 562 Forward
Resolution: Low | High
An Clochar, Cill Ruis | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0629, Page 508

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tráthnóna Máirt na h-Inide bailigeadh buachaillí an bhaile le céile agus aon fhear nó bean ionphósta a casadh ortha sa tsráid, chaithidís téad 'na dtimcheall agus tharrainghidís ar fuaid na sráide leo iad. Deirtí go mbídís 'ghá mbreith leo chun na Sceilge ach is ag magadh a bhídís.


Cáit Ní Laoigleis
Sráid Uí Sehanacháin,
Cill Ruis
a fuair an scéal so ó n-a h-athair.

Collector
Cáit Ní Laoighleis
Gender
female
Address
Kilrush, Co. Clare
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Address
Kilrush, Co. Clare
Language
Irish

Bíonn a lán pósadh san gceanntar so an lá sin. Deineann gach duine pancóga agus cuireann siad fáinne, cipín, raol, cnaipe, bonn, píosa éadaigh isteach ionnta,


An duine a gheibheann an fáinne deirtear gurb'é is luatha pósfar, an duine a gheibheann an cipín beidh sé 'na bhacach, an duine a gheibheann an cnaipe beidh sé 'na thailliúir.
Is minic a éaluigheann fear le cailín an oidhche sin.

Peig Ní Dhomhnaill,
Sráid Uí Mhórdha,
Cill Ruis
fuair an t-eolas so thuas sa baile.