Scoil: An Clochar, Cill Ruis

Suíomh:
Cill Rois, Co. an Chláir
Múinteoir:
An tSr. Pól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 402

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 402

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cill Ruis
  2. XML Leathanach 402
  3. XML “Nósanna ag Baint le Pósadh”
  4. XML “Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé nós atá acu sa cheanntair seo nuair a bhíoinn mach nó ingean feirmeóra ion-phósta ná cleamhnas de dhéanamh. Sé an áit 'na ndeintear é ná i dteach tabhairne. Má bhíonn siad sásta, sochruightear go ndéanfaidh muinntear an chailín feirm an bhuachalla do shiubhal agus na bheithidigh d'fheiscint i dtreó go mbeidh fios acu an fiú an fheirm an spré atá ag an gcailín. Tar éis an talamh do shiubhal má bhíonn siad sásta díoltar an spré - leath de annsan agus an leath eile i gceann bliadhna. Nuair a bhíonn gach rud socair, bíonn "Piocadh an Ghandail" acu sé sin bíonn rínnce agus féasta i dtig an chailín oidhche an Domhnaigh de ghnáth agus leanann sé go maidin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Rónáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Rois, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Bean Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Rois, Co. an Chláir