Scoil: An Clochar, Cill Ruis

Suíomh:
Cill Rois, Co. an Chláir
Múinteoir:
An tSr. Pól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 421

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0629, Leathanach 421

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, Cill Ruis
  2. XML Leathanach 421
  3. XML “An Gorta sa Cheantar Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa tír seo bhí gorta mór ó'n bhliadain 1845 go bliadain 1847. Bhí na daoine ag fághail báis o'n ocras.
    Sa duthaigh seo do bhí triúr drithéar agus ní bhfuareadar aon rud le n-ithe ar fead coigiosa. Chuaidheadar amac cun féar d'ite agus níor bhfeidhir leo é do dhéanamh. Trí lá indiaidh a chéile fuar duine dóibh (?) bás. Triúr de muinntir Ceallaig do b'ainm dóibh. Tá fothrach an thige in a raibh siad ina gcomhnuidhe le feiscint fós.
    Bhí na prataí go maith nuair a bhíodar ar an dtalamh agus nuair a bhaineadar iad agus nuair a bhíodar ins na carnaibh tháinigh an dub ar na prátaí.
    D'ith na daoine cabáiste indhiad na bprataí sa duthaigh seo. Níor thug an Rialtas aon congnamh dóibh act thugeadhar obair do cuid do's na daoine ag deisú na mbóithre anois agus arís.
    Sa deire bhi feabhas mór ar gach rud nach mór. Bhí an eorna go maith acu. D'fhás nabarraí go léir go maith san deire agus dhíol na daoine iad agus cheannuig siad prataí.
    Máire Ní Fleathbhartaig, Gomhar, Chuar an Chlair
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fleathbhartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gower South, Co. an Chláir