School: An Clochar, Cill Ruis

Location:
Cill Rois, Co. an Chláir
Teacher:
An tSr. Pól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0629, Page 405

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0629, Page 405

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, Cill Ruis
  2. XML Page 405
  3. XML “Ag Piocadh an Ghandail”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhíonn an chleamhnas déanta agus gach rud sochruithe deineann muinntir an chailín sochrú leis an mbuachaill chun dul go tig an chailín ar oidhche áirighthe chun aithne níos fearr a bheith ag an gcúpla ar a chéile.
    Tagann a lán daoine go dtí an tig an oidhche sin agus bíonn spórt agus rinnce acha ann. Bíonn suipéar mór aca, bíonn feoil de gach shaghas ann agus cístí milse agus fíon í gcóir an t-suipéir. Tugtar "Piochadh an Ghanndail" ar an bhféasta sin.
    Bhi a lán pisreóga ag na sean daoine fadó, agus do cheapadar go mbéadh mí-ádh ar an duine a bhris íad. B'é ceann de's na nósanna a bhí aca ná go mbéadh mí-ádh ar fhear dá mbéadh cailíní nó mná 'na fhocair nuair a bheadh sé ag dul ag piochadh a ghanndail féin. Do cheapadar leis go mbéadh mí-ádh i gcaipín an fhir dá dteigheadh sé isteach in aon tig eile tar éis a thighe féin d'fhagaint go dtí go rachadh sé isteach i dtig an chailín.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Mhathghamhna
    Gender
    Female
    Address
    Dún na gCorróg, Co. an Chláir