School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 153

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 153

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 153
  3. XML “Lópas na Leathbhróige”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ionghadh agus alltacht ortha a leithéid de bhear a bheith ar aon fhear beó. Bhí duine des na mnáibh agus bean óg misneamhail urrúsach ab eadh í agus dubhairt sí " beidh fios agam -sa cé tá ann pé' cu leó nó marbh é. Leanfadsa é agus tiocfhad suas leis sar a mbeidh sé ag an gcrosaire". Siúd amach ar an mbóthar í agus ní mór ná coiscéim siúbhail a bhí tabhartha aice nuair a shamhlaidh sí go raibh dar leí féinig rud éigin casta tímcheall a cosa agus d'fhéach sí thall is ibhfus uirthi féin mar do thuíll sí gurab é a "petticoat" nú a gúna a bhí tuitithe síos ar a cosa ach níorbh eadh bhíodar chómh fáisgithe ceangailte uirthi agus d'fhéadfaidís a bheith.Thug sí fé shiúbhal arís agus má thug n'fhéadfadh sí cos a chur thar an gcois eile. Do bhí rochal ar a cosaibh, do luig sí síos agus d'fhéach sí ar caol a dá cois. Bhí stráice éadaigh agus glas shnaidhmh air ar gach cois léi. Scaoil sí é agus cun siúbhail léi i ndiaidh fear na leath-bróige.Acht nuair a shrois sí an chros ní raibh aon radharc air agus ní raibh a bhreith ná thuairisg ann. Chuadar go Cathair Saidhbhín agus bhíodar ann roimh lá. Is dócha gurb é am mhairbh na h-oidhche a bhí ann nuair a chonnacadar fear na leath-bhróige.Thug sí léi abhaile an píosa éadaigh a bhí tímcheall ar a cosa agus dubhairt sí go mbeadh fios aice cad e an saghas éadaigh a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Murchadha
    Gender
    Female
    Informant
    Nóra Bean Uí Fhianachta
    Gender
    Female
    Age
    82
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí