School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Sceilg (C.)
- XML Page 007
- XML “An Caoineadh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Gurbh amhlaidh a gheóbhainn ann, fuar fé chlár tu
(11)
Tá do spré a dhriotháir ag teacht abhaile
Ní ba, caoire, iad?, na capaill
Ach amháin coinnle buidhe agus píopaí geala
Agus nilimse dhá maoidheamh ar lucht a gcailthte
(111)
A bhean úd thall an áprún síoda
Go raibh dhá ghreim deug tré lár mo chroidhe-sé
Mar d'fhág tú faon me, gan chabhair gan brígh indhiu
Im' chaonaidhe uaigneach ar bhruach Abha Cóille
(1V)
Dá mbeithfeá agam-sa, a dhriotháir cois Abha Cóille
Nú cois Abha Móire mar a labhrann an faoileann
Do ghoilfeadh Cáit ort, Maire agus Bríghde
Agus do mháithrín féin a thug súgha croidhe dhuit
(V)
A dhriothair ó, agus a dhriotháir na gcaradh
Eirig féin cúgham suas id sheasamh
Beir ar do shrian, agus cuir iallait ar do chapall
Agus tionnluig féin do driofiúrín abhaile.
Sin é díreach a dhéunfad ar sé, ag tabhairt aon léim amhain amach ó'n mbórd. Do léim slataire an chúinne, agus do bhain an doras amach. nuair a chonnaic sé an t-anam ag teach ins an bhfear marbh. Do bhí an fear marbh roimis ag an ndorus ámhthach. Do rug sé ar bhóna ar mo shlataire, agus do chas mor-thímcheall é. Annsan cad do bhuailfeadh leis, ach seana shluasad(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Ciarbhaic
- Gender
- Male
- Age
- 90
- Address
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí