School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)
- Location:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Teacher: Bríghid Ní Fhianachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí 'na cómhgar, teacht go dtí an tig an oidhche sin chun féasta. Nuair a bhí gach aoinne bailighthe, do chuir an stróinséar cathaoir i lár an tíghe, agus do bhuail sí an leanbh ar a h-ucht, chúiche, agus dubhairt sí. Is duit-se atáim-se 'á ínnsint a leinbh seacht mbliadhna gan baiste, gurb í mo leas-máthair a dhóigh an cruach móna. Nuair a chualaid an leas-máthair an méid seo, do bhí sí ag tógaint chúiche féin. Agus is duit-se atáim-se 'á ínnsint, a leinbh seacht mbliadhna gan baiste, gurb í mo leas-mháthair do dhóig an scioból, agus an beirt leanbh ar sí sin. Annsan do phrioc sí an dealg as cos a h-athar leis an snáthad. Nuair a fuair an t-aithari fios an scéil, bhí oiread san d'fheirg air, gur órduig sé an leas-máthair do dhógad 'na beathaid, ach ní leigfeadh an leas-inghean dóibh é. Do díbrígheadh í i bhfhad ó bhaile. Annsan d'fhág an t-athair ag a inghean, gach a raibh d'ór aige i ndiaid a bháis. D'imthig sí abhaile, agus do baisteadh an leanbh, agus do mhair sí go lán tsásta as san amach.
- Collector
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Súilliobháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí