Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an méid sin a thárla do'n nGaoith.
Lean an scéal ar feadh tamaill go ciúin macánta. Théigheadh an Ghrian go dtí tig na mbuachaillí agus glaodhadh sí amach:—
"A Art agus a Amhlaoibh, is a Thoirdhealaig big an grinn, oscail an scoilbhín is leigidh isteach an t-aon drifiúirín."
Lá amháin chuir an leas mháthair an Ghaoth in aonfhacht leis an nGréin nuair a bhí sí ag dul go dtís na dritheáracha agus chuala sí an glaodh a dhein sí ortha agus an méid adubhairt sí leó agus thug sí léi abhaile an port san chun a máthar.
Annsan chuaidh an leas mháthair go dtí tig na mbuachaillí agus ghlaoidh sí amach cainnt an drifear agus d'oscladar an doras di mar cheapadar gur b'í a ndrifiúr a bhí ann.
"Mo chroidhe sibh," ar sí leó, "is fada ó chíor aoinne bhúr gceann." Tháinig Art i leith chúiche agus thosnuig sí ag cíoradh a chínn. Chuir sí biorán nimhneach isteach 'na scórnaig agus bhuail sí thairtse go ciúin suas sa chúinne é.
"Nach tapaidh a thuit a chodhla air," ars í. "Buail i leith a Amhlaoibh a chroidhe."
Dhein an garsún amhlaidh agus d'imthig an íde cheadhna air. Ní thiocfhadh an tríomhadh mac in aonchor ina goire.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí