Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 168

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 168

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 168
  3. XML “William Reilly”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ceann eile d'amhráin an Bhloscaoid é seo. Níl aon chúnnta[s] againn air a úghdar, ach is geal leis na sean daoine mar amhrán é a's is minic a bhíonn sé i dtiúin ac[u].
    I
    Ar maidin Dé Luain is me ag siubhal cois na trágh[a]
    Cé casfaí san tslighe orm ach Reilly an chúil bháin,
    Do bhí luisne na ghruadhna is a chuid gruaige ag curláil,
    Is m'osna go mór é naoi n-uaire ins an lá.
    II
    Ó an gcuimhin leatsa an lá úd go raibh an tsráid lán do fhearaibh,
    Bhí sagairt ann is bráithre is iad ag trácht thar ár n-ainm,
    Bhí ceól píoba ar cheann cláir ann, is an chláirseachta d'á spreagadh,
    Is dáiréag do mhnáibh mánla ag cur mo ghrádhsa chun leabthan.
    III
    Is an rabhais se ar an dtriúr úd a chuaidh go Cill Choinnig,
    Ag tionnlacan an Athar Peter a bhí in aois a chúig fichid,
    Bhí mo shúil-se ar feadh mí leat, ach fóiríor níor chasais,
    Is nach truagh bean na haonar is a chéile ar bhárr toinne.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge