Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 296

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 296

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 296
  3. XML “Galair ar Ainmhithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall an bhaile a chuala na cúnntaisí seo thíos, agus siad na leigheasanna ceadhna a chloisim amuigh ar an mín-tír dóibh.
    Ar bhuaibh.
    An Bhruinne dhearg: An sceach dhearg a bheirbhiú agus an t-uisce a thabhairt le n-ól dom mboin. Faightear leigheas maith dochtúra anois air.
    An cheathramha dubh: Cuirtear snáthad ina gceathramha, nó grainne éigin a chur isteach in a gceathramha.
    Galar Cam: Ar bheithidig is mó a thagann sé. Tá loigín nó clais áirighthe i gclár-éadan an ainmhidhe, agus má tiomáintear tairgne go cruinn tré'n bpaisde san, ritheann an droch-stuif amach agus deineann san faoiseamh ar inchinn an ainmhidhe, agus téigheann sé i bhfeabhas indhiaidh a chéile.
    Galar na péiste: Ar ghamhna óga is mó a thagann so. Is mór an truagh an t-ainmhidhe bocht mar buaileann an galar go tapaidh é, agus bíonn sé á chaitheamh féin le pian. "Snaidhm na Péisde" a dheanamh le córda ó's cionn an ainmhídhe an leigheas air.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
            1. leigheasanna ar ghalair ar ainmhithe (~175)
    Teanga
    Gaeilge