Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 182

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 182
  3. XML “Cluiche”
  4. XML “Cluiche ar Lúbadh Méar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cluiche é seo a bhíonn ag leanbhaí Corcha Duibhne. Imirtear é cois coise.
    I
    Scitseam, sceaitsium carbhán dansing,
    An mó mac atá ag an Rí,
    Mac indiu, mac indé is dhá chéad mac i dtóin an tighe
    Leatsa sceinneamhaint síos 'on choill is earball gabhair a thabhairt aníos ó'n gcoill.
    Ceist
    Fios chúghat, fios uait, ceann madra id' stuaic,
    Tá beirt annseo ar thaobh an Gleinne,
    Cé h-iad san?
    (Téigheann duine síos go bun an tighe.)
    (Aon ainm ruda nó duine go maith leat.)
    Cat is luc nó Fuinneoígín Oir i bhFlathais Dé agus Dréimire Fada san aér nó Paidrín Óir i gcré, agus píce fada san áer, srl.
    "Ce'cu acu san a thabharfaidh aníos tú?"
    "Dréimire fada san aér."
    (Caithfidh an duine go mbeidh an ainm sin air dul síos, agus an fear síos a thabhairt aníos air a dhrom.)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge