School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an méid sin a thárla do'n nGaoith.
Lean an scéal ar feadh tamaill go ciúin macánta. Théigheadh an Ghrian go dtí tig na mbuachaillí agus glaodhadh sí amach:—
"A Art agus a Amhlaoibh, is a Thoirdhealaig big an grinn, oscail an scoilbhín is leigidh isteach an t-aon drifiúirín."
Lá amháin chuir an leas mháthair an Ghaoth in aonfhacht leis an nGréin nuair a bhí sí ag dul go dtís na dritheáracha agus chuala sí an glaodh a dhein sí ortha agus an méid adubhairt sí leó agus thug sí léi abhaile an port san chun a máthar.
Annsan chuaidh an leas mháthair go dtí tig na mbuachaillí agus ghlaoidh sí amach cainnt an drifear agus d'oscladar an doras di mar cheapadar gur b'í a ndrifiúr a bhí ann.
"Mo chroidhe sibh," ar sí leó, "is fada ó chíor aoinne bhúr gceann." Tháinig Art i leith chúiche agus thosnuig sí ag cíoradh a chínn. Chuir sí biorán nimhneach isteach 'na scórnaig agus bhuail sí thairtse go ciúin suas sa chúinne é.
"Nach tapaidh a thuit a chodhla air," ars í. "Buail i leith a Amhlaoibh a chroidhe."
Dhein an garsún amhlaidh agus d'imthig an íde cheadhna air. Ní thiocfhadh an tríomhadh mac in aonchor ina goire.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry