School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 264

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 264

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 264
  3. XML “Morainn na Foighne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear agus bean in a gcómhnuí in áit an- iargcúlda. Saoghaluigheadh inghean dóibh agus ní raibh aoinne timcheall ortha a raigheadh chun baistidhe leis an leanbh. Taréis tamaill do chonnacadar chúcha cóisde dearg agus bean istig sa chóisde. Dubhairt an bhean go ndeanfhadh sí féin máthair baistighe do'n leanbh d'á mbeadh cead aici a rogha ainm a thabhairt ar an leanbh. Dubhairt an bheirt go rabhadar sásta. D'árduigh sí léi an leanbh 'on tséipéal agus ghlaodhaig sí Morainn mar ainm uirthi. Thug sí abhaile annsan í agus dubhairt sí go dtiocfhadh sí ar a thuairisc i gceann seacht mbliana.
    Choimeád sí a gheallamhaint agus tháinig sí agus bronntaisí deasa aice go dtí an leanbh. Gheall sí go dtiocfhadh sí i gcionn seacht mbliana airís.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0710: Our Lady's Child
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Guithín
    Gender
    Male
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry