School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 232
  3. XML “An Buachaill Ceolmhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ó Mhícheál Ó Guithín, An Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Is fada an lá ó chuala sé á aithris é agus sean bhean a bhí in aois a cheithre fichid. Ní mhaireann an tseana bhean san. Cailleadh í timcheall fiche blian ó shin.
    Bhí bainntreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Garsún breágh ab' eadh é agus bhí borradh laé is oidhche le thabhairt fé ndeara ann fé mar d'fás sé suas. Ag aoidhreacht ghabhar a chaitheadh sé an lá a's é óg.
    B'ait leis an saoghal leadránach a bhí 'á chaitheamh aige. Dubhairt sé le na mháthair go raghadh sé amach ag soláthar a fhortúin do féin. Dubhairt sí go n-imtheóchadh sí féin in aoinfheacht leis agus ná leigfheadh sí as radharc a súl do ló ná oidhche é. D'imthigheadar. Bhí oidhche annso a's eadtrath annsúd acu.
    Chuadar isteach i gcoill mhór dhiamhair. Dhall na crainn amach iad agus ní fheadradar ca raibh soir ná siar. Chualadar fothrom mór agus iad i bhfad isteach sa choill. Tháinig fathach mór groidhe fá na ndéin agus chuma ana shásta air.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0590: The Prince and the Arm Bands
    Language
    Irish
    Informant
    Míceál Ó Guithín
    Gender
    Male
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry