School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 190
- XML “Bean an Leasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Mhicheál Ó Ceárna a fuaireas an scéal so. Chuala sé an scéal ag Eóghan Ó Súilleabháin, sean-scealaidhe a bhí in aois a dheich mbliana is cheithre fichid nuair a cailleadh é i 1934. O'n mBloscaod Mór ab'eadh é.Bhí baintreabhach mná i bParróisde an Fhirtearaigh agus bhí sí go maith as. Bhí cailín aimsire aici, agus ní raibh de chlann aici ach aon mhac amháin.
Lá amháin buail bean chúiche isteach agus ceaintín stáin aici. D'iarr sí lán an ceaintín de mhin ar bhean an tighe ar iasacht. Fuair sí an mhin agus fáilte. D'imthig sí léi annsan. Bhí an-iongantas ar bhean an tighe mar níor aithin sí in aonchor an bhean iasachta. Dubhairt sí leis an gcailín dul 'on doras agus feachaint cé an treó a imthig sí. Isteach 'on lios a chuaidh sí.
Sar ar imthig an bhean iasachta ó'n dtig dubhairt sí le bean an tíghe teacht chúiche féin d'á mbearfhadh aon chruadhchás go deó uirthe agus go ndéanfadh sí fóirithin uirthi.
Tamall 'na dhiaidh san bhí Ráiseanna i gCeanntrágha.(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Céarna
- Gender
- Male