Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Rith sí na dhiaidh agus dhein sí an dálta céadhna leis.
Tháinig an drifiúr an lá na dhiaidh san ach tor ná freagra ní bhfuair sí. Bhí fhios aici go raibh ciotrann éicin tuitighthe amach. Chuaidh sí isteach agus sceón innte. Rith sí abhaile agus d'eachtruig sí an scéal d'á h-athair.
"Níl leigheas ar an gcathú," ar seisean, "ach é a mharbhú le foighne."
Thóg sé leis na cuirp agus chuir sé iad ins an ngáirdín tamall ó'n dtig. D'fás crann mór anáirde ar bhárr gach uaighe acu agus bhí barróg 'á mbreith ag na crainn ar a chéile anáirde ar barra agus ba chúis iongna do'n dúthaig go léir é.
Bhí mac Rí tamall maith ó'n áit agus bhí éileamh aige ar an nGréin. Chuir sé scéala chúiche go dtiocfhadh sé chun an tíghe chun an chleamhnais a dheanamh. Cad a dhein an leas-mháthair ach éadach na Gréine a chur ar an nGaoith agus í a chur suas sa phárlús fá dhéin an fhir óig. Socruigheadh an cleamhnas agus ollmhuigheadh cóisire mór agus tugadh cuire dos na cómharsain chun teacht.
Bhí na cómharsain bailighthe i seómra amháin inaice le seómra na baineise. Bhí dall ina measc. Nuair a ghaibh mac an Rí anuas ó'n seómra labhair an dall agus dubhairt —(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí