Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 167

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 167

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 167
  3. XML “Reacaireacht”
  4. XML “Áiteanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is feárr pota fé'n bhfarraige ná cisde dóighte — mar adubhairt an t-iascaire nuair a tháinig a chriú chuige ar oileán aonrach agus a chisde leath bhacálta aige. Theastuig uatha go raghadh sé ag tarrac 'na dteannta gan mhoill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
  2. An Bloscaod Mór — Tháinig an ainm ó'n bhfocal "Blosc" a chialluigheann rud a thabharfhadh foithin duit nó a choimeádfhadh an ghaoth uait. Toisc scata oileán bheag a bheith scaipighthe sa bhfarraighe ag deanamh fothanna d'á chéile a thugadh an ainm sin ortha.
    Dúnchaoin:— Indhiaidh taoisig de mhuinntir Chuinn go raibh fearthainn aige sa pharroiste sin.
    Corcha Dhuibhne: Bannríoghain do Chlanna Míleadh d'ár b'ainm di Duibhinn a tháinig i dtír taobh thiar do'n Dún Mhór agus a chuir chúithe sa ceanntar í féin is a complacht.
    An Buailtín — ó'n bhfocal "buaille" nó áit crúidhte na mbó. San áit go bhfuil an tsráid bheag anois is annsan a bhailightí na ba fadó chun iad a chrúdhadh.
    Coimineól: Com-an-Iarla an chéad ainm ó Iarla Chorcaige a bhí mar thighearna talmhan ins an áit.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.