Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Sé dubhairt an dall a bhí sa chúinne gur thuit crúdh ó'n lair bháin."
Tháinig an-stop i mac an Rí mar thuig sé go raibh lucht éigin ar an gcailín. Ach dhírig an mháthair air agus dubhairt sí gan aon áird a thabhairt ar an amadán daill sin.
Bhíodar ag imtheacht 'on tséipéal chun an phósta an lá 'na dhiaidh san, agus nuair a bhíodar ag gabháil thar uaigh na ndritheár labhair an guth sa chrann agus dubhairt, "Ochón Ó, Ochón O," ars an guth, "inghean mo leas-mháthar ag imtheacht 'á pósadh."
Stad mac an Rí suas, agus dubhairt go raibh éigin mí-cheart sa scéal.
"Bagair leat, agus na bac le rudaí gan deallramh mar sin," ars an leas-mháthair.
"O ní dheanfhad," arsa mac a rí, ag filleadh go dtí'n dtig. Chonnaic sé an Ghrian istig agus b'sin é an uair a aithnig sé an botún a dhein sé. D'árduig sé leis an Ghrian agus pós sé í agus bhí saoghal sásta acu gan smacht ó leas-mháthair ná eagla bochtannais as san amach.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí