Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean amhrán atá fé mheas san mBloscaod. Pádraig Ó Cearna a aithris dom é. Ní fios cé chéad ceap.Maidean aoibhinn aerach ar bhruach na Mainge im' aonar,
Ar bhinnsín glas na gcaorthann is ba niamhrach a snógh,
Cois abha a b'feárr le téachtaibh bhí báid agus cuite maola ann,
Flúirse de gach éisc ann is an ealla geal ar snámh.
Bhí lúib na coille craobhaighe gan luascadh ó'n ngaoith ar aon rud,
Ach lonnradh soillseach Foébus ag téarnamh ar neóin;
Mar a mbíodh mil is céir le chéile ag beacha i gcéil d'á dtrean chur,
Is gach toradh d'á mhílse ar ghéagaibh na slaodaibh go feór.
II
Bhí an fhuinnseóg gheal ag téacht ann, an 'Beach' an dair is an déil ann,
Cuillean chaorthan chraobhaigh is caora mar an rós,
Bhí ag teacht ó phréimh ann ó bun go bárr le chéile
Gan chor gan cham gan éislinn is í ag deanamh a crainn seóil.
Bhí an traon is an eilit mhaol ann, bhí an longa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cearna
- Inscne
- Baineann