School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 128
- XML “An tSiamhá”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Mháire Ní Chearna, seana bhean atá dul isteach ar a cheithre fichid bliain a fuaireas an scéal so thuas. Cómhuigheann
Comhnuigheann
sí ar an Oileán so.
Síamhá iseadh Maighdean Mhara a bhíonn ana nimhneach don gcine daondha agus a bhíonn ag faire ar dhíogbáil dóibh.Bhí fear óg fadó ann agus bhí sé an bocht tréis pósta dhó. Ní raibh d'achmhuinn aige ach breith ar a dhorúgha agus imeacht leis síos taobh farraige ag seasamh annsan ar chloich ag marbhú breac. Ní bhíodh aige go deimhin ach fo bhreac beag anois is airís. Bhí an baile mór gairid do. Dhíoladh sé pé breac a bhíodh aige agus cheannuigheadh sé smut aráin a's thugadh sé abhaile chun a mhná é. Lá amháin bhí sé ag iascach ar an gcloich, agus bhuail síamha mhna chuige amach ar bharr tuinne. Labhair sé leis.
" Níl puinn éisc á mharbhú agat" ar seisean.
" Níl mhuis ná aon iasc" ars an fear.
'Seadh beidh do dhóithin éisc agat gach aon lá eile" arsa an tSiamha. " Má thugann tú domsa an mac is sine a bheidh agat, ní bheidh aon cheal éisc ort."(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Chéarna
- Gender
- Female
- Age
- c. 80
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí