27/07/2015 Rogha na Seachtaine  (Féach tuilleadh »)

Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cleamhnas Phiarais Feiritéar

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 163

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Leanbh scoile a scríbh an scéal so dom. Fuair sé an scéal ó Ghobnait Ní Ghuitín , an Bloscaod Mór. Tá Gobnait timcheall deich mbliana is dachad , agus chuala sí an scéal ó na hathair ar an Gorta Dhúbha i mBaile ‘n Fhirtéaraig.

Bí Piaras Firtéar na chómhnuidhe i nDún-na-bhFirtéarach i dteannta a athar is a mháthar. Saghas oileán ab eadh an áit a chómhnuigheadar agus ar chómhlaí a théighdís amach chuige.
Bhí Piaras in aois a phósta go maith is ní raibh aon chuimhneamh ar phósadh aige. Aon lá amháin dubhairt a athair is a mhathair go mb’fhearr dó pósadh. Dúbhradar leis dul síos go dtí dún Daingin agus go b’ann a bhí an bhean a bhfearra do a phósadh. Dubhairt a athair leis go raibh dall ann agus síntiús éian a thabhairt do, agus go innseóchadh sé sin do má bhí aon loch tar an mnaoí óig.
Phreab Piaras anáirde ar a chapall agus ba gheárr gur shrois. Sé Dún Daingin . D’innis sé do mhuinntir an tíghe cad a thug é. Nuair a bhí Phiaras ag imtheacht abhaile thug sé síntiús do’n dall. Anns an dúbhairt an dall le Piaras
“Innis do Dhonnchadh an Dúna

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Gobnait Ní Ghuithín
Inscne
baineann
Aois
circa 50
Seoladh
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge