Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 156
- XML “An Gadaí Óg”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Garsún a bhí i mBaile na hAbha agus cailleadh a athair. D'fhiafruig sé d'á mháthair lá an raibh cead aige imtheacht ag tuilleamh shlíghe bheatha do féin. D'fiafhruig sí dhó cé an cheárd go mba mhaith leis dul léi. Dubhairt sé gur le bitheamhantuigheacht.
"Léan náire ort," ars ise, "cad a bhéarfadh gur le bitheamhantuigheacht a raghfá."
"O seadh mar dubhairt mo Dhaid liom é," ar sé.
"Ariú ná fuil do Dhaid caillte," ar sí leis.
"Ar m'anam go ndubhairt mar bhíos ag cainnt leis thiar sa Teampull agus dubhairt sé a rádh leat-sa mé a chur le bitheamhantuigheacht."
Níor chreid sí é dar ndóigh.
"Imthig ort sall agus fiafruig dho é," arsan garsún.
D'imthig sí sall agus chuaidh sí 'on teampull. Ghaibh an mac an cómhgar agus bhí sé sa teampull roimpe. Sheasaimh sí ar chlaidhe an teampuill agus d'fiafruig sí dó "Hé a Phadraig, cad é an cheárd go gcuirfhead Seán léi?"(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann